Giar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaireas chun gluaisne rothlaithe a athrú ina luas is/nó ina threo rothlaithe eile. Sa bhfoirm bhunúsach, bíonn giar-roth fiaclach is féidir a úsáid i bhfíoraíochtaí agus cuingreacha éagsúla chun cóimheas oiriúnach an rothlú aschuir is an rothlú ionchuir a bhaint amach. Tugtar ardú giar ar chóras giaranna a thugann luas rothlú aschuir níos mó ná an luas ionchuir. Nuair is lú an luas aschuir, is córas ísliú giar é.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Giar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 315.