Giall Heidelberg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Giall láidir iontaisithe gan smig a fuarthas i 1907 i Mauer, gar do Heidelberg na Gearmáine. Timpeall 500,000 bliain d'aois, an iontaise dhaonna is seanda a fuarthas san Eoraip. Rangaítear go minic í mar Homo erectus, ach is ródhócha gur Homo sapiens ársa í, agus is féidir gur ó staid luath i ndifreálú an phobail Néandartálaigh í.