Giúdachas Raibíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I ndiaidh chódú an Talmuid, sna luathaoiseanna tar éis scrios an Dara Teampaill, sa bhliain 70 A.D., is ón Ghiúdachas Raibíneach nó 'Ghiúdachas na Raibithe' (Eabhrais: "Yehadut Rabanit" - יהדות רבנית) a shíolraíonn na cineálacha éagsúla den reiligiún Giúdach atá againn, sa lá atá inniu ann.

Tar éis scrios Iarúsailéim, bhí deireadh leis na searmanais sa Teampall, ionad lárnach na nGiúdach go dtí sin, agus an gcóras casta íobartach a ghabh leis. Is é a rinne na Raibithe ina dhiaidh sin ná an Giúdachas a fhorbairt agus é a chur in oiriúint don saol nua sa Phalaistín faoi réim na Rómhánach. Tháinig an Giúdachas Raibíneach chun cinn i measc na nGiúdach sa Diaspóra, idir an dara agus an séú céad A.D.. Chuir forbairt an Torah ó Bhéal agus an Talmuid smacht ar léirmhíniú an scrioptúir Ghiúdach agus spreag sé cleachtadh reiligiúnach in éagmais an Teampaill, Ba bhunphrionsabal dá gcóras reiligiúnach gur nocht Dia Torah Dúbailte dóibh – an Torah Scríofa .i. an Sean-Tiomna, agus an Torah ó Bhéal, is é sin na dlíthe a nochtadh ar Shliabh Shíonáí agus a tháinig anuas ó ghlúin go glúin gan aon athrú ó aimsir Mhaois go dtí ré na Raibithe.