Gerry Ryan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gerry Ryan
Gerry Ryan.jpg
Gerry Ryan sa bhliain 2010
Dáta breithe 4 Meitheamh 1956
  Cluain Tarbh, BÁC
Dáta báis 30 Aibreán 2010
  Baile Átha Cliath
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Craoltóir
Céile Morah Brennan (scartha uaidh)

Ba chraoltóir raidió agus teilifíse Éireannach é Gerard "Gerry" Ryan (4 Meitheamh 195630 Aibreán 2010).[1] Bhí sé ar dhuine de na craoltóirí ba rathúla agus ba chonspóidí in Éirinn agus ba é The Gerry Ryan Show ar RTÉ 2fm an clár ba mhó a thuill clú dó. Bhíodh sé le cloisteáil gach maidin ar an gclár sin ó Luan go hAoine idir a naoi a chlog ar maidin agus meán lae, ó 1988 go lá a bháis. Fuarthas a chorp ina árasán ar Shráid Líosain Uachtarach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2010. Fuarthas amach níos déanaí gur dócha go raibh baint ag alcól agus cócaon lena bhás.

Óige[athraigh | edit source]

D'fhás Gerry Ryan aníos i gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath. Bhí a athair ina fhiaclóir agus a mháthair páirteach i gcúrsaí drámaíochta sa chathair. Bhain sé céim dlí amach ó Choláiste na Tríonóide sula ndeachaigh sé le craoltóireacht mar ghairm bheatha.

Gairm bheatha[athraigh | edit source]

Raidió[athraigh | edit source]

Chuir sé tús lena ghairmréim mar láithreoir raidió sa chraoltóireacht raidió bhradach agus d'éirigh leis post gairmiúil a fháil in RTÉ nuair a bunaíodh stáisiún raidió nua darb ainm Radio 2 (RTÉ 2fm sa lá atá inniu ann) sa bhliain 1979. Chaith sé cuid mhaith de na hochtóidí mar láithreoir oíche sa stáisiún go dtí gur éirigh leis clár príomh-ama a bhaint amach dó féin idir a naoi a chlog ar maidin agus meán lae. Clár é seo a bhí dírithe ar chaint agus ar phlé seachas ceol agus chuaigh sé i mbun an chúraim sin go díograiseach. Bhain sé cáil amach mar láithreoir conspóideach nach gcuirfeadh aon fhiacail ann sa phlé a spreagadh sé ar an gclár agus níor loic sé roimh thabhairt faoi ábhair mhóra cainte na linne sin. Samhlaítear é le cuid mhaith den athrú sóisialta a bhí ar siúl in Éirinn san am sin agus é lánsásta an t-athrú sin a úsáid mar ábhar iomarbhá. Bhí an clár seo ar cheann de na cláir raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn go lá a bháis.

Bás[athraigh | edit source]

Chuir Gerry Ryan glaoch ar a fhostóirí in RTÉ oíche Dhéardaoin 29 Aibreán 2010, le rá go raibh sé in ísle brí agus nach mbeadh sé in ann a chlár raidió a chur i láthair an lá dar gcionn agus fuarthas Fiona Looney, iriseoir, chun an dualgas sin a chur i gcrích ar a shon. D'éirigh Melanie Verwoerd, a pháirtí, buartha nuair a chuala sí nach mbeadh an clár á chur i láthair aige agus toisc nach raibh a fhón á fhreagairt aige ach an oiread. Thug sí cuairt ar a árasán agus nuair nár éirigh léi tabhairt air an doras a oscailt, fuair sé cúnamh ó oibrí tógála chun an doras a bhriseadh isteach. Fuarthas corp Uí Riain ina sheomra codlata thart ar 12.30in agus é ina luí ar an urlár in aice lena leapa. Dearbhaíodh é a bheith marbh ar an láthair. Ceaptar go raibh taom croí mar thrúig bháis.

Tagairtí[athraigh | edit source]