Gerry Fitt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba pholaiteoir as Tuaisceart na Éireann é Gerard "Gerry" Fitt, (9 Aibreán 192626 Lúnasa 2005). B'eisean a bhunaigh Páirtí Sóisialach Daonlathach an Lucht Oibre, pairtí náisiúnach i dtuaisceart na hÉireann.

A shaol[athraigh | edit source]

Rugadh Fitt i mBéal Feirste agus fuair sé a chuid oideachais ó na mBráithre Críostaí. Chaith sé na blianta idir 1941 agus 1953 i sheirbhís an chabhlaigh. Bhíodh cónaí air ar mBóthar na bhFál, agus sheas sé mar ionadaí don mbóthar ar son páirtí lucht oibre na copóige sa bhliain 1956. Fuair Paddy Devlin, ó Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann an ceann is fearr air, áfach. Sa bhliain 1958, toghadh é do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste mar bhall de Phairtí Lucht Oibre na hÉireann. Sa bhliain 1962, bhuaigh sé suíochán i Stormont. Dhá bhliain níos déanaí, d'fhág sé an páirtí agus bhunaigh sé Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) le Harry Diamond, MP eile i Stormont. San olltoghchán sa bhliain, 1966 bhuaigh Fitt an suíocháin in iarthar Béal Feirste i bparlaimint Westminster.

D'úsáid sé a shuíochán i Westminster chun fadhbanna i dTuaisceart na hÉireann a chuir os chomhair na Breataine. Ba MP comhbhraiteach é a bhí i láthair ag an agóid cearta daonna i nDoire ar an 5 Deireadh Fómhair, 1968 nuair a chloígh Constáblacht Ríoga Tuaisceart na hÉireann Fitt i measc daoine eile.

Thug Fitt tacaíocht freisin do Bernadette Devlin sa bhliain 1969. Nuair a bhuaigh Devlin bhí Fitt níos cáiliúil agus níos ábalta fadhbanna na hÉireann a chuir chun chinn le duine eile ar a taobh.

I mí Lúnasa 1970 bhí Fitt mar an chéad cheannaire ar páirtí nua déanta suas de na grúpaí náisiúnach agus cearta daonna, Sóisialach Daonlathach an Lucht Oibre. Bhí an páirtí lán le dóchas, gan fadhbanna reiligiún agus níos liobrálach mar dheá, agus ghlac siad páirt i Westminster (rud nach ndearna Sinn Féin ag an am). Ach faoi an am seo bhí fadhbanna tuaisceart na hÉireann ag éirí níos measa agus bhí formhór na n-aontachtóirí fós naimhdeach.

Díog ar ndíog thit sé amach lena pháirtí, le náisiúnaigh, agus le rialtas na Breataine. Sa bhliain 1979 staon sé ó vóta tábhachtach toisc an slí inár theip an rialtas chabhrú le daonra na náisiúnaigh, agus thit an rialtas Lucht Oibre as chumhacht.

Sa bhliain 1980 cuireadh John Hume ina áit mar cheannaire agus d'fhág sé an pháirtí ag gearán gur stop an pháirtí a bheith mar forsa sóisialach.

Sa bhliain 1981 bhí sé in aghaidh na Stalic ocrais sa príosún Maze i mBéal Feirste. I mí na Bealtaine na bliana 1983, chaill sé a shuíochán do Gerry Adams.

Fuair sé bás ar an 26 Lúnasa, 2005, ag aois 79, de bharr galair croí. Bhí ceathrar iníon aige fós beo.