Gerhard Johannes Paul Domagk

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bithcheimicí a rugadh i Łagów na Polainne (sa Ghearmáin ag an am) ab ea Gerhard Johannes Paul Domagk (1895-1964). Agus é ag déanamh taighde ar líocha is ceimiceán darb ainm prontasail, ag iarraidh na baictéir streipteacocais a dhíothú, fuair sé amach gur athraigh an prontasail go sulfainilimíd sa cholainn, de bhrí go raibh airíonna ceimiteiripeacha ag sulfainilimíd. Bhí ceimiteiripe iontach nua aimsithe aige, agus chuir an t-oibreán seo go mór le teiripe ailsí ina dhiaidh sin. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1939. Chuir rialtas na Gearmáine cosc air an duais a fháil an bhliain sin, ach bronnadh air é i 1947.