Gerardus 't Hooft

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gerard 't Hooft.jpg

Fisicí a rugadh i nDen Helder na hOllainne is ea Gerardus 't Hooft (1946-). Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic le Martinus Veltman i 1999 as a thaighde ar struchtúr candamach na n-imoibrithe leictrealaga. D'fhoilsigh sé In Search of the Ultimate Building Blocks (Sa Tóir ar na Brící Bunúsacha Tógála, 1995), agus le Wei Chen, Introduction to General Relativity (Buntús na Coibhneasachta Ginearálta, 2001).