Georges Léopold Chrétien Frédéric Dagobert Cuvier

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Anatamaí a saolaíodh i Montbéliard na Fraince ab ea Georges Léopold Chrétien Frédéric Dagobert Cuvier (1769-1832). Bhunaigh sé córas nádúrtha rangaithe na n-ainmhithe. Trína thaighde ar iontaisí ainmhithe is iasc, bhunaigh sé dhá eolaíocht nua, pailé-ointeolaíocht agus anatamaíocht chomparáideach.