Georges Jean Franz Köhler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Imdhíoneolaí a rugadh i München na Gearmáine ab ea Georges Jean Franz Köhler (1946-1995). Lena chomhghleacaí César Milstein, rinne sé amach conas hibrideóma a tháirgeadh. Is cill a ghineann antashubstaintí, nasctha le cill ailse, an chill hibrideach fhadsaolach seo, agus is féidir hibrideóma a chruthú a ghineann antashubstaint ar leith amháin a chealaíonn antaigin (ábhar coimhthíoch) ar leith. Léirigh sé struchtúir antashubstaintí, agus rinne amach struchtúir is feidhmeanna na nglóbailíní imdhíonachta. Úsáidtear a theicnící chun ábhair a aithint, i dtástáil toirchis, diagnóisiú agus cóireáil ailse is galar eile. Roinn sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1984 le César Milstein is Niels Jerne as an saothar seo.