Georges-Pierre Seurat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéir a rugadh i bPáras ab ea Georges-Pierre Seurat (1859-1891). Ghnóthaigh sé cáil as a theicníocht péinteála, pointíleachas nó deighilteachas dathanna, inar thóg sé an pictiúr leis na mílte spotaí bídeacha datha. Sampla cáiliúil uaidh is ea Une Baignade, Asniéres (Ag Snámh, Asnières, 1883-1884).