George Gabriel Stokes

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí is matamaiticeoir a saolaíodh sa Scrín, Contae Shligigh, ab ea George Gabriel Stokes (1819-1903). Ollamh in Ollscoil Cambridge. Rinne sé saothar suntasach sna aeridinimic is hidridinimic. Chuir sé dlí Stokes ar aghaidh, chabhraigh le cothromóid Navier-Stokes a dhíorthú, agus thug mínithe ar shlaodacht, frithchuimilt, fuaim, sruth uisce in abhainn, frithchuimilt cnis i longa, teoiric thonnach an tsolais, fluaraiseacht (aistriú Stokes), frithchaitheamh is athraonadh, agus d'fheabhsaigh an speictreascóp. Ina uachtarán ar an gCumann Ríoga ar feadh 31 bliain, fathach san eolaíocht.