George Francis Fitzgerald

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeorge Francis Fitzgerald

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Lúnasa 1851
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Feabhra 1901
49 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilollamh
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic
Gairmfisiceoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Fisicí turgnamhach a saolaíodh i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath ab ea George Francis Fitzgerald (1851-1901). Rinne sé taighde ar optaic is leictridinimic. Réamhinis sé go nginfeadh sruth ailtéarnach i sreang tonnta leictreamaighnéadacha sa timpeallacht, rud a chruthaigh Hertz go turgnamhach i 1888. D'eascair teileagrafaíocht, raidió, teilifís, teileafóin iniompartha, teileachumarsáid, loingseoireacht le satailítí, agus a lán eile as seo. Neamhspleách ar Lorentz, chonchlúidigh sé go mbíonn an chuma ar réad atá faoi ghluaisne go bhfuil sé craptha is níos giorra do bhreathnadóir fosaithe: giorrú Fitzgerald-Lorentz. Níos déanaí, bhain Einstein feidhm as an léargas seo ina theoiric choibhneasachta speisialta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "George Francis Fitzgerald". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 275.