George Bass

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeorge Bass

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Eanáir 1771
Aswarby, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ar iarraidh5 Feabhra 1803 Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Feabhra 1803
32 bliana d'aois
ar farraige Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síBoston Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí, máinlia, oibrí leighis comhraic Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach Ríoga

Máinlia agus taiscéalaí na hAstráile ab ea George Bass (30 Eanáir 1771 – tar éis 5 Feabhra 1803.

Tús a shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é ar 30 Eanáir 1771 i Aswarby, sráidbhaile in aice le Sleaford, Lincolnshire, mac an feirmeora George Bass agus Sarah (née Newman). Fuair a athair bás agus é ach sé bliain d’aois. D’fhreastail sé ar Scoil Ghramadach Boston agus tar éis é sin, rinne sé staidéar ar an leigheas sa otharlann i mBoston, Lincolnshire. Glacadh é mar bhall Coláiste Ríoga na Máinlia nuair a bhí sé ocht mbliana déag d’aois, agus chuaigh sé isteach Cabhlach Ríoga na Breataine sa bhliain 1794 mar máinlia. Shroich sé i Sydney i New South Wales ar HMS Reliance ar 7 Meán Fómhair 1795. Chuaigh Matthew Flinders, John Hunter, William Martin agus Bennelong isteach ar an turas chomh maith.

Dhá thuras Tom Thumb[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Bass leis ar an Reliance bád beag, a thugadh Tom Thumb air. I Mí Dheireadh Fómhair 1795, sheol Bass, Flinders agus Martin an bád amach ó Port Jackson chuig Bá Botany agus thaiscéal siad an Abhainn Georges níos faide ná aon Eorpaigh ar bith roimh ré. Mar thoradh an turas, bunaíodh Baile Banks. I Mí an Mhárta 1796, chuaigh an grúpa céanna ar thuras eile ar bád beag eile, Tom Thumb a thugadh air chomh maith. Le linn an turais seo, sheol siad chomh fada le Loch Illawarra, a thug siad ‘Tom Thumb Lagoon’ air. Tháinig siad ar, agus thaiscéal siad Loch Harding.

Turas go dtí Port an Iarthair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1797, sheol Bass (gan Flinders) ar bhád oscailte le seisear ar bord aige go dtí Rinn Howe, an point is faide sa oirdheisceart na hAstráile. Ón áit seo, chuaigh sé siar thar an chósta Gippsland i Victoria, go dtí Bá Port an Iarthair (‘Westernport Bay’ i mBéarla), beagnach chomh fada le suíomh láithreach Melbourne. Chreid sé go raibh caolas a scarann an mór-roinn agus Van Diemen’s Land (An Tasmáin an lá inniu), mar thug sé faoi deara an treo a sruthaigh an taoide.

Ag seoladh timpeall na Tasmáine ar an Norfolk[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruthaíodh a theoiric sa bhliain 1798 nuair a sheol Bass agus Flinders timpeall Van Diemen’s Land sa bhád Norfolk. Le linn an turais, tháinig Bass ar bhéal an Abhann Derwent agus thaiscéal siad an ceantar, an áit a bhunaíodh Hobart sa bhliain 1803 ar neart a thuairisce. Nuair a d’fhill siad go Sydney, mhol Flinders go dtí an gobharnóir John Hunter ba chóir dó ‘Bass Strait’ a thabhairt ar an chaolas.

Pósadh agus Trádáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós sé Elizabeth Waterhouse ar 8 Dheireadh Fómhair, 1800, sa teach pobail Naomh Séamus, Westminster. Ba í Elizabeth deirfiúr Henry Waterhouse, a bhí ina chaptaen na longa Reliance. D’imigh sé arís trí mhí ina dhiaidh sin, agus cé gur scríobh sé litreacha deasa chuig Elizabeth, níor fhill sé ar Shasana.

D’infheistigh Bass agus grúpa gcarad £10,000 ar an bhád Venus, le lasta ar bord le seoladh chuig Port Jackson. Sheol Bass (mar úinéir agus bainisteoir) agus an criú luath sa bhliain 1801. Ar an drochuair, níor fhéidir leis a chuid lasta a dhíol i Port Jackson, ach thairg Gobhanóir King conradh dó chun muiceola a fháil ó Tahiti (bhí easpa bia ag Sydney ag an t-am sin). D’imigh sé Sydney agus sheol siad go dtí Dusky Sound san Nua-Shéalainn, an áit a chaith siad coicís ag baint iarainn de longbhriseadh Endeavour (bád Captain Brampton). D’úsaidíodh an iarann chun tuanna a dhéanamh agus mhalartú don muiceoil i dTahiti. D’fhill siad go dtí Sydney leis an lasta i Mí na Samhna 1802.

I mí Eanáir, 1803, d’iarr Bass ar Gobhanóir King an raibh cead aige chun an iascaireacht san Nua-Shéalainn a ghlacadh chuige féin. Níor thug King an chead dó, ach sheol Bass ó dheas ó Sydney sular thug sé freagra uaidh. Níor fhill sé riamh.

An Turas Déanach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl a fhios againn cad a tharla do Bass. D’fhág sé ar an Venus ar 5 Feabhra 1803, agus ní chonacthas é arís. Bhí an cinneadh déanta aige seoladh go dtí Tahiti arís, ansin b’fhéidir dul go dtí coilíneachtaí na Spáinne san tSile chun lasta eile a cheannach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]