George Back

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Taiscéalaí an Artaigh a rugadh i Stockport Shasana ab ea George Back (1796-1878). Sheol sé leis an taiscéalaí John Franklin ar aistir go dtí an Mol i 1818-1822 is 1825-1827. I 1833-1835 chuaigh sé sa lorg ar thaiscéalaí eile, John Ross: tháinig sé ar Loch na hAirtléire is Abhainn Mhór na nIasc (a dtugtar Abhainn Back uirthi anois) agus lean í don Aigéan Artach.