George Armstrong Custer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
George Armstrong Custer sa bhliain 1865.

Oifigeach in Arm na Stát Aontaithe ba ea George Armstrong Custer (5 Nollaig, 183925 Meitheamh, 1876), a bhí ina cheannfort marcra le linn an Chogaidh Chathartha agus na gCogaí Indiacha sa tír sin san 19ú haois. Thuill sé cáil mhaith mar cheannfort cliste cróga, ach briseadh agus maraíodh é ag Cath Little Bighorn agus é ag troid in aghaidh na Meiriceánach Dúchasach. Tugtar "Custer's Last Stand" ar an eachtra seo i stair Mheiriceá.