Georg Bauer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mianreolaí a rugadh i nGlauchau na Gearmáine is ea Georg Bauer (Georgius Agricola, 24 Márta 149421 Samhain 1555). Rinne sé an chéad rangú eolaíoch riamh ar mhianraí ina leabhar De Natura Fossilium (Ar Nádúr na nIontaisí, 1546). De Re Metallica an leabhar ba mhó a thuill clú dó, leabhar inar chuir sé síos ar an mianadóireacht agus oibríochtaí eastóscaidh eile. Foilsíodh é sa bhliain 1556, cé gur dócha gur chuir sé críoch leis sé bliana roimhe sin.