Geoiceimic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Brainse den gheolaíocht a phléann le líonmhaireacht na ndúl is a n-iseatóp sa Domhan agus na próisis a chinneann a ndáileadh. Tagann na próisis cheimiceacha in éabhlóid an Domhain is an Ghrianchórais san áireamh. Bíonn feidhmeanna trádálacha i gceist, sirtheoireacht gheoiceimiceach ina measc, chun acmhainní mianach folaithe a bhrath trí anailís cheimiceach ar ithreacha, moirteanna is uiscí sruthán.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Geoiceimic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 313.