Geata crochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Geata crochta ag Caisleán Deasumhan, Áth Dara, Co. Luimnigh

Is éard is geata crochta ann ná geata trom a dhúntar go hingearach agus a fhaightear go hiondúil i gcaisleáin mheánaoiseacha. Is minic a bhíonn siad déanta as adhmad agus/nó miotal, agus sleamhnaíonn siad suas agus anuas ar eitrí laistigh d'ursaineacha an gheata.

Bhaintí úsáid as geataí crochta chun an bealach isteach i gcaisleán a dhúnadh go daingean le linn ionsaí nó léigir. An buntáiste a bhain le geataí crochta ar ghnáthgheataí caisleáin ná gurbh fhéidir le gharda amháin an geata a dhúnadh ina aonar ar bhuille boise.

Níl ach geata crochta amháin in Éirinn atá fós in ord agus in inneall; is é sin i gCaisleán na Cathrach i gContae Thiobraid Árann.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Main Gate at Cahir Castle Tipperary". Dáta rochtana: 2024-03-22.