Geata na gCaorach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Geata an Chaora)
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Geata na gCaorach
Íomhá
Sonraí
CineálGeata cathrach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Troim, Éire
Map
 53°33′19″N 6°47′16″W / 53.555281°N 6.787875°W / 53.555281; -6.787875
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir469

Geata cathrach agus Séadchomhartha Náisiúnta i mBaile Átha Troim, Éire is ea Geata na gCaorach.[1][2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léaráid ó Lámhleabhar Seaniarsmaí Éireann Wakeman (1903), ag taispeáint Geata an Chaora, agus an Cruachan Buí .

Is é Geata an Chaora an t-aon gheata amháin de chúig cinn a thug rochtain ar Bhaile Átha Troim tráth. Tógadh balla an bhaile agus a gheataí sa 13ú nó 14ú haois. B’fhéidir gur ainmníodh Geata na gCaorach amhlaidh mar gur gearradh dola anseo as caoirigh a thabhairt isteach lena ndíol ar an margadh: i 1290, gearradh pingin amháin in aghaidh gach deich gcinn de chaoirigh mar cháin mhúrchúraim agus pábhála, agus laghdaíodh é go feoirling i 1308. D'fhéadfadh an t-ainm Béarla Sheep Gate teacht freisin ón bhrí ársa leis an bhfocal Béarla cheap, rud a chiallaíonn “margadh”. Níl an t-ainm seo taifeadta roimh an 19ú haois; d'fhéadfadh gur tugadh Porch Gate air ón fhocal Fraincise porte ("doras"), a d'fhéadfadh a ainm a thabhairt freisin do na Porch Fields atá suite lasmuigh de bhallaí na cathrach.[3] Cuireadh glas ar an geata idir 9 in agus 4 rn.[4]

An geata[cuir in eagar | athraigh foinse]

Geata na gCaorach le Caisleán Bhaile Átha Troim taobh thiar de.
Geata na gCaorach le Cruachan Buí ar a chúl.

Ba é an geata bealach isteach oirdheisceart an bhaile, agus tá sé suite díreach lastuaidh den Bhóinn. Maireann Geata na gCaorach mar bhealach áirse cloiche.[5][6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Geata na gCaorach/Sheep Gate | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-04-16.
  2. Geograph:: Trim Town Wall: Sheep Gate (C) Anthony Foster”. Geograph.ie.
  3. Michael Potterton. “THE ARCHAEOLOGY AND HISTORY OF MEDIEVAL TRIM, COUNTY MEATH” (PDF). Eprints.maynoothuniversity.ie. Dáta rochtana: 4 November 2021.
  4. Sheep Gate”. Lonelyplanet.com.
  5. Sheep Gate”. Irishstones.org.
  6. Ireland”. Trekearth.com.