Gearóid de Barra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na Spáinnigh san Ísiltír sa bhliain 1624. (Jacques Callot a rinne.)

Saighdiúir de chuid an 17ú haois ba ea Gearóid de Barra. Rugadh é i gContae Chorcaí agus, ar nós a lán fear eile den uaisle Chaitliceach, chuaigh sé ag saighdiúireacht thar lear. Rinne sé seirbhís sa reisimint Éireannach in Arm na Spáinne i bhFlóndras ar feadh beagnach tríocha bliain agus é ag troid le Cúigí Aontaithe na hÍsiltíre.

D'fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1640, ag iarraidh fir a earcú d'Arm na Spáinne. Ach d'éirigh na hÉireannaigh amach sa bhliain 1641, agus chuaigh de Barra i bpáirt le Comhcheangal Caitliceach na hÉireann. Ceapadh é mar ghinearál ar fhórsaí an Chomhcheangail i gCúige Mumhan. Rinne sé ar Luimneach sa bhliain 1642 agus chuidigh Caitlicigh na cathrach leis Caisleán Rí Eoin, áit a raibh slua Protastúnach, a ghabháil. Thochail sé faoi na ballaí agus bhain tairbhe as snípéirí nó gur ghéill an namhaid, agus drochbhail orthu faoin am sin. Ligeadh don fhuíoll dul chun Baile Átha Cliath.

Caisleán Rí Eoin, agus Droichead Thuamhumhan lena ais

Is beag rath a bhí ar de Barra ina dhiaidh sin. Theip air Corcaigh a ghabháil agus scaipeadh a chuid saighdiúirí ag Cath Lios Cearúill. Bhain seo dá chlú agus is beag a rinne sé sa chogadh as sin amach. Fuair sé bás i Luimneach sa bhliain 1647.[1]

B'údar míleata é de Barra, agus a lán leabhar ar fáil óna lámh faoi thraenáil agus stiúradh na saighdiúirí.

[athraigh] Tagairtí

  1. John Thomas Gilbert, Richard Bellings (1973). "History of the Irish Confederation and the war in Ireland, 1641-1649". 
Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile