Chiaroscuro (gealdorcha)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gealdorcha)
Naomh Peadar le Caravaggio

Sa phéintéireacht, úsáid solas láidir is scáth is ea chiaroscuro,gealdorcha,[1] chun foirmeacha a shainiú i spás. Shaothraigh Leonardo da Vinci is Caravaggio an teicníocht san Iodáil, ach thug Rembrandt chun foirfeachta í san Ollainn sa 17ú céad.

Bhí Caravaggio aitheanta mar mháistir críochnúil de chiaroscuro, a chiallaíonn “éadrom-dorcha” go liteartha in Iodáilis. Tagraíonn an téarma don chothromaíocht de thoin éadroma agus dorcha i saothar agus go háirithe i gcás cumas an ealaíontóra chun scáthanna a láimhseáil.[2][3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "chiaroscuro — téarma.ie".
  2. Hussey, Matt (2011). "Gealdorcha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 310.
  3. "Gabháil Chríost, le Michelangelo Merisi da Caravaggio" (ga). National Gallery of Ireland. Dáta rochtana: 2022-07-18.