Gealán San Elmo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le gealán San Elmospréacharnach San Elmo ná feiniméan leictreach aimsire ina gcruthaítear plasma thart ar réad talmhaithe a bhfuil réimse leictreach san aer ina thimpeall. Go bunúsach, sórt breo gorm nó vialaite é gealán San Elmo agus é ag breathnú cosúil le tine. Feictear an tine seo ar struchtúir fhada bhioracha, ar nós seolchrainn na mbád agus sciatháin na n-aerárthaí. Is iad an ocsaigin agus an nítrigin - an dá ghás is coitianta in atmaisféar an Domhain - is cúis le dath na spréacharnaí seo, agus iad ag oibriú cosúil leis an neon sna soilse neoin.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile