Gaspard Ulliel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gaspard Ulliel

Is aisteoir Francach é Gaspard Ulliel (25 Mí na Samhna 1984 a rugadh é). Thosaigh sé a bheith ina aisteoir ag deireadh na 1990idí agus tús na 2000idí nuair a ghlac sé páirt i roinnt scannán a rinneadh do theilifíseán. Ansin, bhain sé cáil amach dó féin sa Fhrainc mar aisteoir agus bhí sé ina phríomhaisteoir sa scannán scéinséara Hannibal Rising.

Saol agus slí beatha[athraigh | edit source]

Rugadh Ulliel in Boulogne-Billancourt (bruachbhaile Pháras). Bhí a mháthair ina léiritheoir do sheónna faisin agus bhí a athair ina stílí. Tá colm aige ar a leiceann de bharr scrafa a fuair sé ó mhadra nuair a rinne sé iarracht an madra a mharcaíocht mar chapall agus é sé bliana d’aois.