Gas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Príomhais planda is ea gas, os cionn talún de ghnáth, ach ní i gcónaí.

an gas is cáiliúla riamh... Seán agus an gas pónaire[1]

Tuismíonn sé na bachlóga, na duilleoga is na horgáin atáirgthe. Cumtar é as ceann bhuaic na haise suthaí os cionn na gcotailéadón sa síol, agus fásann ina phéacán. Is féidir go ndéanfaidh sé seo níos mó ná gas amháin, agus iad géagach chun na duilleoga a leathnú amach don Ghrian i gcomhair fótaisintéise éifeachtaí.

Bíonn córas feadánach sa ghas, a iompraíonn uisce is cothaithigh ó na fréamhacha go dtí na duilleoga, agus torthaí na fótaisintéise ó na duilleoga do gach cuid eile den phlanda. I gcineálacha adhmadacha, bíonn an gas láidrithe le fíocháin tacaíochta eile, agus cosanta le cisil coirte is coirc.

Léiríonn gais athruithe éagsúla agus glacann feidhmeanna nua breise, uaireanta ó orgáin eile. Ar an dóigh seo, is gais iad reathairí os cionn talún is riosóim faoin talamh a fhásann go cothrománach chun plandaí nua a tháirgeadh ón mbunphlanda anois is arís.

Is gais freisin iad bleibeanna, cormáin is tiúbair atá oiriúnaithe chun orgáin stórála a dhéanamh a mhaireann ó shéasúr fáis amháin go dtí an chéad cheann eile, agus a chuireann tús le fás nua sa chéad bhliain eile.

I gcactais, stórálann na gais uisce. Is féidir le gais ghlasa fótaisintéisiú, is mar sin feidhmiú mar dhuilleoga, agus uaireanta bíonn siad leata is cosúil le duilleoga i ndealramh. Is féidir le gais feidhmiú mar orgáin dreapaire, an gas iomlán ag lúbadh nó na cinn athraithe ina dteannóga.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Seán agus an gas pónaire[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Béaloideas. "Seán agus an gas pónaire :" (ga-IE). www.abebooks.fr. Dáta rochtana: 2022-09-12.
  2. Hussey, Matt (2011). "Gas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 306.