Gary Gilmore

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dúnmharfóir agus coirpeach Meiriceánach de phór na Mormónach ab ea é Gary Mark Gilmore (Stonewall, Texas 4 Nollaig 1940 - Salt Lake City, Utah 17 Eanáir 1977) ar chuala an saol iomrá air, ó bhí sé féin ag éileamh go gcuirfí chun báis é, gan bacadh le hachomarc ná le pardún.

Scríobh a dheartháir Mikal Gilmore leabhar clúiteach faoin saol a bhí ag muintir Gilmore ag fánaíocht timpeall sna Stáit, faoin teideal Shot in the Heart. Leabhar eile a fuair inspioráid ó shaol is ó bhás Gilmore is ea é The Executioner's Song le Norman Mailer.

Tús a Shaoil[athraigh | edit source]

Rugadh Gary Gilmore i McCamey, Texas, ar an 4 Nollaig 1940, agus é ar an dara duine de cheathrar mac na lánúine úd, Frank agus Bessie Gilmore. Camscéiméir agus druncaire ab ea sean-Frank Gilmore, agus é ag dul ó bhean go bean gan tacaíocht ar bith a thabhairt do na mná ná do na páistí a rugadh dóibh uaidhsean. Nuair a phós sé Bessie, bean de phór na Mormónach agus í tréigthe ag a muintir, ní raibh ann go bunúsach ach rud a rith leis a dhéanamh. B'as Provo i stát Utah do Bessie, agus í ina cónaí i Sacramento, California, nuair a phós Frankie í. Rugadh Gary nuair a bhí an lánúin ar a seachnadh ón dlí in Texas agus iad ag tabhairt "Coffman" orthu féin mar shloinne bréige. Is é an t-ainm a bhaist Frank ar an mac ná Faye Robert Coffman, ach nuair a d'imigh siad as Texas, d'athraigh Bessie go Gary Mark é. Choinnigh sí an teastas breithe i dtaisce, áfach, an ceann a raibh an t-ainm "Faye Coffman" le léamh air, agus scór bliain ina dhiaidh sin tháinig Gary trasna ar an gcaipéis seo. Is é an tátal a bhain sé as gur leanbh tabhartha a bhí ann, sin nó mac le fear éigin eile. Shíl Gary gurbh é seo ba chúis leis an droch-chaidreamh a bhí aige lena athair, agus nuair a d'fhéach a mháthair fiorchúlra an ainm a mhíniú dó, tháinig an-chorraí air agus d'imigh sí gan cluas a thabhairt.

Cuid thábhachtach de mhiotaseolaíocht a mhuintire ab ea téama na breithe neamhdhlisteanaí. Uair amháin, d'inis máthair Frank, Faye, do Bessie gur doilfeoir mór-le-rá ab ea athair Frank, fánaí ealaíontóra a bhí ag déanamh a chuid cleas i Sacramento, áit a raibh cónaí ar Faye. Chuaigh Bessie go dtí an leabharlann le taighde a dhéanamh ar chúlra an scéil agus is é an tátal a bhain sé as gurbh é Harry Houdini athair Frank. Ní raibh Houdini ach sé bliana déag d'aois sa bhliain 1890, bliain breithe Frank, áfach, agus níor thosaigh sé ag obair ina dhoilfeoir taistil ach sa chéad bhliain eile. Is dóigh le Mikal Gilmore nach bhfuil sa scéal faoi Houdini ach seafóid, ach dúirt sé gur chreid a thuismitheoirí ann.

Nuair a bhí Gary ina bhuachaill bheag, bhí an teaghlach ag dul ó áit go háit in iarthar na Stát Aontaithe, agus Frank ag iarraidh bia agus beatha a choinneáil lena chlann ag díol síntiúis irisí nach raibh iontu ach camscéim. Ní raibh Gary ag réiteach go maith lena athair, "fear a bhí cruálach agus nach bhféadfá dul chun réasúin leis", mar a dúirt Mikal, an deartháir ab óige. Thagadh fearg ar shean-Frank go minic, agus é ag tabhairt buillí do Gary, Frank Óg agus Galen. Deir Mikal nár thug an t-athair greadadh dó ach aon uair amháin, agus nuair a dúirt Mikal leis: "Is fuath liom thú", stad an t-athair den drochíde. Ba mhinic a bhíodh sean-Frank agus Bessie ag sáraíocht le chéile agus ag caitheamh anuas ar a chéile: thugadh Frank "gealt" ar a bhean chéile, agus é ag clúmhilleadh Brigham Young, ceannaire na Mormónach, agus ag tabhairt le fios gur péidifileach ab ea Young ("bring' em young"). Ón taobh eile de thugadh Bessie "Cat-licker" - is é sin, Caitliceach - ar a fear céile, agus í ag bagairt go maródh sí é oíche de na hoícheanta nuair a bheadh sé ina chodladh. Bhí an tsíorthroid seo ar siúl ó bhliain go bliain agus d'fhág sí an teaghlach go léir ina chíor thuathail.

Sa bhliain 1952 shocraigh an teaghlach síos i bPortland, stát Oregon. Ina dhéagóir dó thosaigh Gary ag mionghadaíocht. Cé go raibh sainuimhir ard intleachta ag Gary - 133 - agus an scoil ag éirí go gleoite leis, ó bhí bua na hintleachta is na n-ealaíon araon aige, d'éirigh sé as an meánscoil sa naoú rang. D'éalaigh sé leis go Texas in éineacht le cara leis, agus chaith sé na míonna ansin sular fhill sé go Portland. Nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, bhunaigh sé sindeacáit iomlán carrghadaíochta in éineacht lena chuid cairde, rud a tharraing na póilíní anuas air, ionas gur gabhadh é. Níor tugadh ach rabhadh iompair dó an iarracht sin. Sa bhliain 1960, cuireadh go hIonad Ceartúchán Stát Oregon é, agus é i ndiaidh carr a ghoid arís. Scaoileadh saor leis sa bhliain chéanna. Sa bhliain 1961 diagnóisíodh ailse dholeigheasta na scamhóg ar a athair, agus fuair sean-Frank bás i ndeireadh Mheitheamh na bliana 1962. San am seo bhí Gary i dtóin phríosúin arís, agus fuair sé tásc a athar ó dhuine de na séiléirí. Cé nach raibh caidreamh maith aige lena athair riamh, bhí sé faoi mhéala ar fad, agus d'fhéach sé le lámh a chur ina bhás féin.