Gary Cooper

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGary Cooper

(1941) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Frank James Cooper
7 Bealtaine 1901
Helena, Montana Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Bealtaine 1961
60 bliana d'aois
Beverly Hills, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse phróstataigh)
Áit adhlacthaSacred Hearts of Jesus and Mary Catholic Cemetery (en) Aistrigh (1974–)
Holy Cross Cemetery (en) Aistrigh (1961–1974)
California Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Grinnell
Ardscoil Helena
Gallatin County High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Airde191 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmaisteoir scannáin, aisteoir teilifíse, scríbhneoir scripte, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1925 –  1961
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileVeronica Cooper (1933–1961) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMaria Cooper Janis Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCharles Henry Cooper  agus Alice Cooper
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do
Síniú

Suíomh gréasáingarycooper.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0000011 Allocine: 554 Rottentomatoes: celebrity/gary_cooper Allmovie: p14817 57207 TV.com: people/gary-cooper AFI: 57207
Spotify: 4VtxpT21407sCt68U7623B iTunes: 1658232 Musicbrainz: 3a42dfb1-5054-4339-a5e9-c8b0fe27fe62 Discogs: 1481863 Find a Grave: 227 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba aisteoir Meiriceánach ó bhunadh Briotanach é Gary Cooper (7 Bealtaine, 190113 Bealtaine, 1961) a bhuaigh Gradaim an Acadaimh dhá uair. Lean a shaol oibre ó na 1920ídí go dtí bliain a bháis. Bhí aithne air mar gheall ar a stíl aisteoireachta ciúin agus a phearsa stóchúil, tréan, a d'oir go mór do na rólanna sna Westerns inar ghlac sé páirt.

Fuair Cooper cúig ainmniúchán Oscar don duais Aisteoir is Fearr, le linn a shaol oibre, agus bhain sé dhá uair é. Fuair sé Duais Onórach freisin ón Acadamh i 1961, cúpla seachtain roimh a bháis.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gary Cooper, 1903

Rugadh Cooper faoin ainm Frank James Cooper i Helena, Montana. Bhí cónaí air agus é ina bhuachaill i mBedfordhire, Sasana, lena mháthair Alice, agus a dheartháir ní ba mhó, Arthur Le Roy. D'fhreastail sé ar scoil Dunstable (scoil phoiblí[1]) idir 1909 agus 1912.

Chuaigh sé ar ais go dtí na Stáit Aontaithe sa bhliain 1912. Gortaíodh é i dtimpiste gluaisteáin agus é trí bliana déag d'aois, agus bhí air bogadh go dtí rainse a athar i Montana, SAM le biseach a fháil, áit a ghnóthaigh sé a chuid scileanna marcaíochta.

Sna blianta 1922 agus 1923, bhí sé ag obair mar threoraí turasóireachta i Yellowstone.

Hollywood[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Winning of Barbara Worth (1926)

Bhog sé go Los Angeles i 1924, áit a fuair sé post mar dhuine sa bhreis sa tionscail scannánaíochta.

Bliain ina dhiaidh dá chéad scannán gearr mar phríomhaisteoir, glaodh go Paramount Studios é agus ofráladh conradh fadtéarmach dó, rud a ghlac sé leis.

D'athraigh sé a ainm go Gary (ó Frank) i 1925, de réir chomhairle a ionadaí, a d'fhás suas i Gary, Indiana.

Thar na blianta, bhí ról ag Cooper i níos mó ná céad scannán. Bhain sé a chéad duais Oscar don Aisteoir is Fearr i 1941 dá ról i Sergeant York. I 1952, bhain Cooper an dara Oscar dá ról mar Marshal Will Kane i High Noon, a léiriú ab fhearr de réir na gcriticeoirí.

For Whom The Bell Tolls - 1943

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Cooper bás ó ailse scamhóige i 1961, sé lá i ndiaidh dó seasca bliain a chomóradh. Cuireadh é i reilig an Chroí Ró-Naofa i Southampton, Nua-Eabhrac.

Vera Cruz (1954).

Chuaigh sé faoin scian do ailse próstatach agus putóige an bhliain roimhe sin ach ní raibh modh ann ag an am chun monatóireacht a dhéanamh ar ailse.

Bhí sé ró-bhreoite chun freastal ar an Oscar in Aibreán 1961, agus dá bhrí sin ghlac a dhlúth-chara James Stewart a Oscar onórach ina áit.

Ba léir ó óráid tochtmhar Stewart go raibh rud éigin mícheart, agus an lá ina dhiaidh bhí ceann-teideal ar nuachtáin ar fud an domhain, "Tá ailse ag Gary Cooper". Mí ina dhiaidh sin, fuair an t-aisteoir bás.

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dick Turpin (1925)
  • The Thundering Herd (1925)
  • Wild Horse Mesa (1925)
  • The Lucky Horseshoe (1925)
  • The Vanishing American (1925)
  • The Eagle (1925)
  • Tricks (1925)
  • Three Pals (1926)
  • The Enchanted Hill (1926)
  • Watch Your Wife (1926)
  • The Winning of Barbara Worth (1926)
  • Old Ironsides (1926)
  • The Spider's Net (1927)
  • It (1927)
  • Arizona Bound (1927)
  • Children of Divorce (1927)
  • The Last Outlaw (1927)
  • Wings (1927)
  • Nevada (1927)
  • Half a Bride (1928)
  • Beau Sabreur (1928)
  • Doomsday (1928)
  • The Legion of the Condemned (1928)
  • Lilac Time (1928)
  • The First Kiss (1928)
  • The Shopworn Angel (1928)
  • The Wolf Song (1929)
  • Betrayal (1929)
  • The Virginian (1929)
  • Seven Days' Leave (1930)
  • Only the Brave (1930)
  • Paramount on Parade (1930)
  • The Texan (1930)
    Morocco, 1930
  • A Man from Wyoming (1930)
  • The Spoilers (1930)
  • Morocco (1930)
  • Fighting Caravans (1931)
  • The Slippery Pearls (1931) (ábhar gearr)
  • City Streets (1931)
  • I Take This Woman (1931)
  • His Woman (1931)
  • The Voice of Hollywood No. 13 (1932) (ábhar gearr)
  • Hollywood on Parade (1932) (ábhar gearr)
  • Make Me a Star (1932) (Cameo)
  • Devil and the Deep (1932)
  • Gary Cooper agus Jean Arthur, The Plainsman, 1936
    If I Had A Million (1932)
  • A Farewell to Arms (1932)
  • Today We Live (1933)
  • One Sunday Afternoon (1933)
  • Alice in Wonderland (1933)
  • Design for Living (1933)
  • Operator 13 (1934)
  • Now and Forever (1934)
  • The Hollywood Gad-About (1934) (ábhar gearr)
  • Star Night at the Cocoanut Grove (1934) (ábhar gearr)
  • The Lives of a Bengal Lancer (1935)
  • The Wedding Night (1935)
  • Peter Ibbetson (1935)
  • La Fiesta de Santa Barbara (1935) (ábhar gearr)
  • Desire (1936)
  • Mr. Deeds Goes to Town (1936)
  • Hollywood Boulevard (1936) (Cameo)
  • The General Died at Dawn (1936)
  • The Plainsman (1936)
  • Lest We Forget (1937) (ábhar gearr)
  • Souls at Sea (1937)
  • Bluebeard's Eighth Wife (1938)
  • The Adventures of Marco Polo (1938)
  • The Cowboy and the Lady (1938)
  • Beau Geste (1939)
  • The Real Glory (1939)
  • Screen Snapshots: Seeing Hollywood (1940) (ábhar gearr)
  • Screen Snapshots Series 19, No. 6 (1940) (ábhar gearr)
  • The Westerner (1940)
  • The Fountainhead, 1949
    North West Mounted Police (1940)
  • Meet John Doe (1941)
  • Sergeant York (1941)
  • Ball of Fire (1941)
  • Hedda Hopper's Hollywood No. 3 (1942) (ábhar gearr)
  • The Pride of the Yankees (1942)
  • For Whom the Bell Tolls (1943)
  • The Story of Dr. Wassell (1944)
  • Memo for Joe (1944) (ábhar gearr)
  • Casanova Brown (1944)
  • Along Came Jones (1945)
  • Saratoga Trunk (1945)
  • Cloak and Dagger (1946)
  • Variety Girl (1947)
  • Unconquered (1947)
  • Good Sam (1948)
  • Snow Carnival (1949) (ábhar gearr) (reacaire)
  • The Fountainhead (1949)
  • It's a Great Feeling (1949) (Cameo)
  • Task Force (1949)
  • Screen Snapshots: Motion Picture Mothers, Inc. (1949) (ábhar gearr)
  • Bright Leaf (1950)
  • Dallas (1950)
  • You're in the Navy Now (1951)
  • It's a Big Country (1951)
  • Starlift (1951) (Cameo)
  • Distant Drums (1951)
  • High Noon (1952)
  • Springfield Rifle (1952)
  • Return to Paradise (1953)
  • Blowing Wild (1953)
  • Garden of Evil (1954)
  • Vera Cruz (1954)
  • Screen Snapshots: Hollywood Premiere (1955) (ábhar gearr)
  • The Court-Martial of Billy Mitchell (1955)
  • Friendly Persuasion (1956)
  • Love in the Afternoon (1957)
  • Glamorous Hollywood (1958) (ábhar gearr)
  • Ten North Frederick (1958)
  • Man of the West (1958)
  • The Hanging Tree (1959)
  • Alias Jesse James (1959) (Cameo)
  • They Came to Cordura (1959)
  • Premier Khrushchev in the USA (1959) (scannán faisnéise)
  • The Wreck of the Mary Deare (1959)
  • The Naked Edge (1961)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. tugtar "scoileanna poiblí" orthu, na scoileanna is costasaí, go mearbhlach i Sasana