Garraíodóireacht phictiúrtha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ealaín a bhaineann le leagan amach aeistéitiúil gairdíní is eastát. Modhanna éagsúla oibre i gceist: lochtáin, tulaigh shaorga, lócháin uisce is srutháin, ballaí is crainn, chomh maith le bláthanna is plandaí eile. Tháinig an coincheap ón neasoirthear is an meánoirthear, ach d'fhorbair an iliomad stíleanna thar na céadta. Sa stíl Sheapánach, úsáidtear crainn is uisce in eagair stílithe le suntas reiligiúnda. San Eoraip san 18ú céad, bhí obair Le Nôtre tábhachtach, le heagair fhoirmiúla de thoim ghearrtha, siméadracht is maisiúcháin shaorga. Ina dhiaidh sin tugadh nádúrachas neamhfhoirmiúil ealaíonta isteach le hobair Kent, Repton, Olmsted, agus Capability Brown.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Garraíodóireacht phictiúrtha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 306.