Garchabhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cóireáil is bainistiú íobartaigh ag ionad taisme nó tubaiste. Más comhfhiosach an duine, is gá stop a chur le haon rith fola trí bhrú ar an gcréacht le cóiriú, málaí plaisteacha nó páipéar, agus an t-othar a chur ina luí go cothrom. Má bhíonn a mhuineál gortaithe agus má bhogtar é go neamhchúramach nó go neamhsciliúil, féadfar gortú trom doleigheasta a dhéanamh dó. Ar chaoi eile, ba cheart an t-othar a ardú ar chlár réidh, más gá, agus cuaire normálta chnámh an droma coinnithe gan athrú. Is féidir cléithín simplí a dhéanamh ar chos trí bhindealán a chur mórthimpeall an dá chos, nó ar lámh trí bhindealán a chur mórthimpeall na láimhe is na colainne le chéile. Ní ceart aon sreabhán a thabhairt dó, tae, alcól ná eile. Má bhíonn an t-othar neamh-chomhfhiosach, is ceart na céimeanna céanna a dhéanamh, ach má bhíonn a análú nó a chroí stoptha, is gá athbheochan chardascamhógach a dhéanamh air go práinneach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Garchabhair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 305.