Garbhógach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda a tháirgeann spóir, gaolta le raithneach is eireaball capaill. An gas fada, ag cur géag amach go rialta, cumhdaithe le cuid mhaith duilleog beag. Spóragáin in ascaillí na nduilleog, eagraithe go minic i strobalas foirceanta cónchruthach. Faightear i ngach áit é, beagnach, agus an-chuid i bhfraochmhánna is gnáthóga cosúla. Níl beo anois ach garbhógach, caonach spícíneach, agus lus an chleite, baill de ghrúpa ársa, Lycopsida, a bhí ilghnéitheach, fiú le foirmeacha ar dhéanamh crainn, sa tréimhse Charbónmhar, a bhfaightear iontaisí díobh go minic.