Gallia Lugdunensis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Impireacht Rómhánach le linn Hadrian (A rialaigh idir 117 agus 38 AD), a léiríonn, sa lár An Ghaill, an cúige impiriúil Gallia Lugdunensis (i dtuaisceart agus i lár na Fraince)
Gallia Lugdunensis i mbarr a réime.

Bhí Gallia Lugdunensis (Fraincis: Gaule Lyonnaise), cuid de chríoch Cheilteach na Gaille, ina chúige de chuid Impireacht na Róimhe agus tá sí anois ina chuid den Fhrainc. Fuair sí a hainm ón a príomhchathair Dún Lugh (Lyon an lae inniu), b'fhéidir gurb í an chathair is mó de chuid na Impireachta í, in iarthair na hEorpa, ag an am sin, agus í ina mhionta mór impiriúil.

Lasmuigh di bhí an Condate Altar, áit ar bhuail ionadaithe ó na Trí Ghaill le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar chultas na Róimhe agus an Impire Ágastas. Bhí a réim bhunaidh ó na haibhneacha an tSéin agus an Mharne san oir-thuaisceart, sé sin a teorainn le Gallia Belgica, go dtí abhainn na Garonne san iar-dheisceart, a teorainn le Gallia Aquitania.

Faoi Ágastas tháinig laghdú ar mhéid na críche. Tugadh an chuid idir an abhainn Loire agus an Gharonne chuig Gallia Aquitania, agus tugadh na codanna lárnach-oirthearach chuig an cúige nua Germania Superior. Léiríonn an léarscáil a méid tar éis na laghduithe seo. Bhí sí ina chúige impiriúil, measta tábhachtach go leor chun a bheith faoi rialú leagáid impiriúil. Ón Teitrearcht Dhíóicléiteach (296), bhí sí ina chúige mór i ndeoise ar a dtugtar, go héiginnteach, Dioecesis Galliarum.