Gallach i mbéal báis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cóip na deilbhe atá sa Mhusei capitolini, an Róimh

Is éard is 'An Gallach i mbéal báis' ann ná cóip ársa Rómhánach déanta as marmar, de dhealbh Heilléanaíoch atá caillte anois, gur síleadh go raibh forgníomhaithe i gcré-umha, a bhí coimisiúnaithe am éigin idir 230 agus 220 RC ag Attalus I na Péargamoine (Sean-Ghréigis: Πέργαμον nó Πέργαμος), i gcuimhne ar an bhua a bhain sé amach ar na Galátaigh san Áise Bheag. Tá ainm an dealbhóra bhunaidh anaithnid, ach tá tuairim ann gurb é Epigonus dealbhóir cúirte le linn réimis Attalus I, a bhí freagrach as.

Léiríonn an dealbh Ceilteach ag fáil bháis le réalachas suntasach, go háirithe san aghaidh, a d'fhéadfadh a bheith péinteáilte. Tá sé léirithe mar laoch Gallach le ghnáth stíl ghruaige croiméal Gallach. Fíor nocht atá ann ach amháin le torc muiníl. Tá sé ag luí ar a sciath tite agus a chlaíomh agus ábhair eile in aice leis.