Gall-Ghaeil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Pobal measctha de shliocht Gaelach agus Lochlannach ba ea na Gall-Ghaeil (Gàidhlig : Gall-Ghàidhil). Bhí siad i réim ar fud réigiún Mhuir Éireann sa chéad chuid de na meánaoiseanna agus d’fhág siad a rian ar an Íoslainn agus ar Oileáin Fharó (na Scigirí).

Blàr a' Bhuailte san Eilean Sgitheanach : deir an béaloideas gur buadh ar na Lochlannaigh anseo.

Stair[athraigh | edit source]

Fáisceadh na Gall-Ghaeil as méadú mór daonra san Iorua díreach roimh ré na nUigingeach, rud a chuir daoine ag saothrú talamh neamh-mhéith atá faoi aiteann amháin anois. Is beag iarsma seandálaíochta a fhaightear sna háiteanna sin tar éis thús na ré Uigingí, rud a chuireann in iúl go raibh na hIoruaigh úd ag dul sa seans thar lear. Ba nádúrtha an rud é go rachadh coilínigh ó iarthar agus ó dheisceart na hIorua siar ó dheas go dtí Inse Ghall agus siar ó thuaidh go dtí an Íoslainn agus na Scigirí. Lonnaigh siad in Inse Orc agus in Inse Ghall tamall maith sula ndeachaigh siad ag creachadh na hÉireann, cé nach cinnte fós cén uair a rinneadh an lonnaíocht sin. Bhí na hoileáin sin an-chosúil leis an Iorua i dtaca le haeráid agus tréithe nádúrtha de.[1]

Ríocht na hIorua c. 1265. As an Iorua a fáisceadh na Gall-Ghaeil.

Éire[athraigh | edit source]

Loch Léin: áit a chuir ar chumas na Lochlannach an taobh tíre seo a chreachadh.
Cluain Mhic Nóis: mainistir ar chreach idir Éireannaigh agus Lochlannaigh í.

.

Sa bhliain 795 a thug Lochlannaigh ón Iorua a gcéad ruaig ar Éirinn, de réir na dtaifead. Ina dhiaidh sin d’ionsaigh siad a lán mainistreacha agus teampall, agus faoin mbliain 831 bhí an cósta go léir creachta acu. Is minic a ionsaíodh iad féin agus uaireanta buadh orthu. Mar sin féin, d’eirigh leo lár na tíre a bhaint amach ar na haibhneacha móra agus na lochanna, ach sna 840í thosaigh tiarnaí Éireannacha ag creachadh na Lochlannach in Éirinn. Faoin am seo, áfach, bhí bun déanta ag na Lochlannaigh sa tír agus bhí comhaontuithe á socrú idir iad féin agus taoisigh áitiúla. Bhí Éireannaigh agus Lochlannaigh dulta i gcaidreamh cultúrtha lena chéile, ag pósadh a chéile agus ag tógáil ainmneacha óna chéile. Bhí Ólaf, rí Bhaile Átha Cliath, pósta le hiníon Áeda Finnléith, rí Uí Néill sa tuaisceart, agus chuir na sagaí in iúl go raibh gaol cleamhnais ag os cionn sé mhuintir Lochlannacha le Cerball, rí Osraí. De réir a chéile, freisin, d’iompaigh Lochlannaigh na hÉireann ina gCríostaithe. Ach bhí siad in achrann le chéile, agus thug cuid acu a n-aghaidh ar iarthuaisceart Shasana agus ar an Íoslainn.[2]

Bhí na Lochlannaigh lonnaithe i gContae Loch Garman, i gContae Phort Láirge agus i gContae Luimnigh. Bhí tionchar mór ag a gcuid bailte móra ar a gcúlchríoch, agus bhí an limistéar sin breac lena gcuid feirmeacha. D’fhág siad a rian ar chúrsaí loingseoireachta agus trádála, rud is léir ó na focail a tháinig isteach sa Ghaeilge.[3]

Inse Ghall[athraigh | edit source]

Fear fichille de chuid na nGall-Ghael ó Leódhas (sa Mhúsaem Briotanach i Londain).

An ríocht Ioruach ba luaithe a bunaíodh sa Bhreatain Mhór bhí smacht aici ar Inse Ghall (Suðreyjar nó “oileáin theas”) agus ar Oileán Mhanann. Is léir óna bhfuil de logainmneacha Lochlannacha in Inse Ghall go raibh Ioruaigh ag cur fúthu ann de réir a chéile fadó. Is mó an méid logainmneacha Lochlannacha in Leòdhas (Ljóðhús) ná in aon chuid eile d’Inse Ghall. D’fhág an tSean-Lochlainnis a rian ar Ghàidhlig na n-oileán Albannacha ab fhaide ó thuaidh ón mbliain 800 nó thart air sin.[4] Faoi dheireadh an 9ú haois bhí Inse Ghall faoi smacht na Lochlannach,[5] agus cuid den mhór-roinn freisin: ainmníodh Gall-Ghàidhealaibh astu in iarthar na hAlban.[6] D’fhág siad neart iarsmaí ina ndiaidh: na dealga a fuarthas in Íle, in Eilean Bharraigh, i dTiriodh agus i Sandaigh, carn adhlactha i gColbhasa a raibh claíomh, tairní, meá agus boinn de chuid an 9ú haois ann, rúnscríbhinn ar chros in Eilean Bhòid (..krus thine til Guthle(leif)...) agus a lán eile.[7]

Ón mbliain 914 anuas thosaigh creachairí nua Lochlannacha ag teacht ón Albain, ó na hoileáin thuaidh agus ó thuaisceart Shasana. Faoin am seo bhí seilbh iomlán ar na tailte ab fhearr san Íoslainn. De réir a chéile fuair na ríthe Éireannacha an lámh in uachtar: sa bhliain 941 chreach Muirchertach mac Néill Inse Ghall.[8]

B’amhais de bhunadh Inse Ghall iad na gallóglaigh agus an “sparr” (tua chogaidh) mar chomhartha sóirt acu. Thosaigh ríthe Éireannacha an tuaiscirt agus an iarthair á n-earcú sa 13ú haois i measc na ndreamanna ar buadh orthu i mionchogaí iarthar na hAlban. Ar éigean a tháinig siad tar éis na bliana 1400, áfach, cé go raibh an tseancheird fós ag a sliocht in Éirinn.[9]

Oileán Mhanann[athraigh | edit source]

Y Braaid i lár Oileán Mhanann. Tá iarsmaí de theach de chuid na hIarnaoise (c. 650 RCh) ann agus iarsmaí de dhá theach fhada ón ré Lochlannach (c. 950 AD) ar a chúl.

Bhí Lochlannaigh a ag cur fúthu ann ó lár an 9ú haois amach, agus d’fhan an t-oileán faoi smacht ríthe Lochlannacha anuas go dtí an bhliain 1266.[10] Deirtear gurbh í an chanúint Ghaeilge a bhí á labhairt i nGall-Ghàidhealaibh in Albain an ceann ba ghaire don Mhanainnis,[11] agus ba í seo an chanúint a bhí mar an dara teanga ag Lochlannaigh Mhanann. Tá iarsmaí Lochlannacha le fáil go flúirseach in Oileán Mhanann, agus tá neart rúnscríbhinní ann. Orthu sin tá an ceann a leanas ag Skylley Maayl, c. 1100, agus ainmneacha Gaelacha ann:

Mallumkun raisti krus efter malmuru fustru sin e(n) totir tufkals kona as aþisl ati (b)etra es laifa fustra kuþan þan son ilan. (Thóg Maol-Lomchon agus iníon Dhubh-Ghaeil, a bhí pósta le Aþils, an chros seo i gcuimhne ar Mhaol-Mhuire, a mhuime. Is fearr dea-mhac altrama a fhágáil i do dhiaidh ná drochmhac.)[12]

An Íoslainn[athraigh | edit source]

Gleann Haukadalur san Íoslainn.

Tá tagairt déanta sna sagaí Íoslannacha do roinnt de lonnaitheoirí na tíre sin a tháinig ó Éirinn agus daoir Éireannacha ina dteannta. Bhí gaol ag cuid ag cuid de na Lochlannaigh úd le huaisle na hÉireann. Orthu sin bhí Helgi, fear arbh í Rafarta a mháthair, iníon le Kjarval (Cearbhall). Deir Saga Laxdaela gur rí Éireannach é an Kjarval céanna.[13]

Sa saga céanna deir Unn, bean uasal iomráiteach a bhíodh ina cónaí in Éirinn, gur fhuascail sí Erp, daor Éireannach dá cuid, toisc gur de shliocht uasal é: ba é mac an Iarla Maoldomhnach é.[14]

Ainmneacha na nGall-Ghael[athraigh | edit source]

D'fhág ainmneacha na Lochlannach a rian ar shloinnte agus ar ainmneacha pearsanta in Albain.

Sloinnte[athraigh | edit source]

Gàidhlig Leagan Béarlaithe "Mac-"
MacAsgaill MacAskill, McCaskill Áskell
MacAmhlaibh MacAulay, MacAuliffe Óláf
MacCorcadail McCorquodale, Corkill, McCorkindale Þorketill
MacCoitir Cotter, MacCotter Óttar
MacÌomhair McIver, McIvor Ívar (Ingvar)
MacShitrig[15] MacKitrick, McKittrick Sigtrygg
MacLeòid MacLeod Ljótr ("duine gránna")[16]

Ainmneacha pearsanta[athraigh | edit source]

Gàidhlig Leagan Béarlaithe Ainm Lochlannach
Amhlaibh Aulay (Olaf) Ólaf
Goraidh Gorrie (Godfrey, Godfred), Gorree, Orree (Oileán Mhanann) Godfrið
Ìomhar Ivor Ívar (Ingvar)
Raghnall Ranald (Ronald, Randall) Rögnvald
Somhairle Sorley Sumarliði
Tormod Norman Þormóð
Torcuil Torquil Þorketill

Nótaí[athraigh | edit source]

  1. Ó Corráin, lgh 80-81.
  2. Ó Corráin, lgh 81-96.
  3. Ó Corráin, lgh 105-106.
  4. Dillon & Chadwick, lch 160.
  5. Henderson, lgh 16-17.
  6. Henderson, lch 34.
  7. Henderson, lch 41-42.
  8. Ó Corráin, lgh 102-104.
  9. Nicholls, lgh 87-90.
  10. Dillon & Chadwick, lch 163-4.
  11. Dillon & Chadwick, lch 216.
  12. Gordon, lch 185. I Sean-Lochlainnis chaighdeánaithe: Mallomkun reisti kros þenna eptir Malmuru, fóstru sín, en dóttir Dufgals, kona es Aþils átti. Betra es leifa góðan en son illan.
  13. Laxdaela Saga, Caib. 1: Þórunn hyrna hét dóttir Ketils er átti Helgi hinn magri son Eyvindar austmanns og Raförtu dóttur Kjarvals Írakonungs.
  14. Laxdaela Saga, Caib. 6: En yður er það kunnigt að eg hefi frelsi gefið þeim manni er Erpur heitir, syni Melduns jarls. Fór það fjarri um svo stórættaðan mann að eg vildi að hann bæri þræls nafn.
  15. McKittrick Name Meaning and History Retrieved on 2008-04-23
  16. Mcleod Name Meaning and History Retrieved on 2008-04-23

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Dillon, Myles and Chadwick, Nora (1973). The Celtic Realms. Sphere Books Ltd. ISBN 0-351-15808-1
  • Gordon, E.V. (1927, revised 1957). An Introduction to Old Norse. Oxford University Press. ISBN 0-19-811105-3
  • [1] Laxdaela Saga
  • Ó Corráin, Donncha (1972). Ireland before the Vikings. Gill and MacMillan. ISBN 7171-0559-8