Galen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Galen

Bhí Galen as Pergamon (rugadh timpeall na bliana 129 i bPergamon, agus d'éag timpeall na bliana 199), ina lia Gréagach.

Rinne sé neart fionnachtana ar chúrsaí leighis trí mionscrúdú a dhéanamh ar ainmhithe áirithe cosúil le muca, madraí agus moncaithe. Glacadh lena thuairimí i leith ghníomhaíochtaí an chroí, na n-artairí agus na bhféitheacha, go dtí an bhliain 1628 nuair a tháinig teoiric William Harvey chun cinn, is é sin go sreabhann an fhuil timpeall na colainne de bharr imbhualadh an chroí a fheidhmíonn mar chaidéal.1 Ní fios go baileach cé mhéad alt léannta ar scríobh sé ach meastar go raibh níos mó ná 400 dóibh. Scríobhadh i nGréigis iad. Cailleadh cuid mhaith dóibh nuair a dódh Leabharlann Alastair agus le scrios Impireacht na Róimhe scaipeadh iad. Siad na cinn is mó atá le fáil anois ná na cinn a haistríodh go hAraibis agus ar bhunaigh na hArabaigh agus níos déanaí na hEorpaigh a léann leighis. Bhí tionchar ollmhór ag a chuid tuairimí sna Meánaoiseanna. I ndeireadh thír thall, agus an leigheas agus an eolaíocht ag forbairt, ba léir go raibh cuid mhaith dá chuid tuairimí míchruinn.


Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. ^ Furley, D, and J. Wilkie, 1984, Galen On Respiration and the Arteries, Princeton University Press, and Bylebyl, J (ed), 1979, William Harvey and His Age, Baltimore: Johns Hopkins University Press