Galbhánú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leictreaphlátáil iarainn nó cruach le sinc chun iad a chosaint ar chreimeadh ag an atmaisféar tais. Tá galbhánú te ann freisin, ina gcuirtear an réad miotalach glanta trí fhlosc agus ansin trí umar since leáite chun an ciseal since a chur ar dhromchla an réada. Ainmnithe as Luigi Galvani, ach ba é Henry William Crawford a d'fhionn an próiseas i 1837.