Galar tógálach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar a gcuireann miocrorgánach tús leis, agus is féidir leis an miocrorgánach seo a tharchur do dhuine ó ainmhithe nó daoine eile ionfhabhtaithe nó ón gcomhshaol. Is féidir go dtarlóidh an t-ionfhabhtú trí thadhall díreach (mar a tharlaíonn le galair veinéireacha), tríd an aer (mar a tharlaíonn le slaghdán is fliú), trí ionghabháil (mar a tharlaíonn le dinnireacht), nó tarchur le feithidí (mar a tharlaíonn le maláire).