Galar na Léigiúnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foirm throm niúmóine a tharlaíonn de bharr an bhaictéir Legionella pneumophilia. Maireann na baictéir in uisce te, agus tarchuirtear iad ag braoiníní uisce ó phíobáin thruaillithe i gcithfolcthaí, taisirí, is córais uisce the. Nuair a bhíonn an truailliú ionfhabhtaithe i dtúir fuaraithe córas aerchóirithe, cuireann sé sin isteach ar an-chuid daoine. Ainmnítear an galar as an gcéad ráig a tharla i bhPhiladelphia i 1976 ag comhdháil Léigiúin Mheiriceá ansin.