Galar díbhrú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar ceirde a tharlaíonn do dhaoine a bhíonn ag obair faoi ardbhrú (mar shampla, taiscéaladh faoin bhfarraige) agus a fhilleann do ghnáthbhrú an atmaisféir róthapa. Is é a tharlaíonn ná go dtagann an nítrigin sa bhfuil amach as tuaslagadh, ag cumadh boilgíní beaga. Déanann siad seo damáiste do na fíocháin, go háirithe nuair a lonnaíonn siad i bhfuileadáin bheaga, ag scoitheadh an imshruthú do réigiún fíochán. Is féidir go ndéanfar damáiste buan don inchinn is go bhfaighidh duine bás. Muna mbíonn an damáiste chomh dian sin, tarlaíonn meadhrán agus pianta sna matáin is na hailt (arraingeacha díbhrú). Is í an chóireáil chuí an t-othar a chur ar ais san ardbhrú agus a thabhairt ar ais do bhrú an atmaisféir go mall i ndiaidh a chéile.