Galar corónach croí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Artairiscléaróis na n-artairí corónacha. An trúig bháis is coitinne i measc daoine thar 40 bliain d'aois san iarthar, agus an chúis is coitinne le haingíne chléibh is ionfharchtadh miócairdiach. Tugtar galar ioscaemach croí air freisin. Bíonn difríochtaí móra i dtarlú an ghalair seo idir tíortha, agus idir pobail éagsúla i dtír. I measc na nguaiseacha, tá stair clainne (an dúchas géiniteach), caitheamh toitíní, diaibéiteas, hipirtheannas, leibhéil arda colaistéaróil sa bhfuil, agus strus. I dtíortha forbartha bíonn na rátaí is measa ag daoine ó réigiúin bhochta dhíothacha.