Galar caora caife

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar trom fungasach a ionsaíonn na caora ar thoim caife Arabaigh, á ndubhú is á milleadh. Tháinig sé i láthair ar dtús sa Chéinia sna 1920idí, agus scaip ar fud na hAfraice. Níl sé chomh trom fós sna hilchríocha eile. Scaipeann stealladh na báistí an galar, go mór mór stealladh iarmhair ó bharr na bliana roimhe. Is deacair é a chloí le sprae fuingicídeach, agus tá cineálacha frithsheasmhacha á saothrú.