Galar athlastach peilbheach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarGalar athlastach peilbheach
cuir in eagar
Cineálfemale reproductive system disease (en) Aistrigh, adnexal disease (en) Aistrigh, galar tógálach agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgínéiceolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
Aicmiú
ICD-10N70-N77 agus N73.9 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9614.9, 614-616.99 agus 614.8 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPX74 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB9748 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000888 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine256448 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKPelvic-Inflammatory-Disease-(PID) Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD000292 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0242172 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:1003 Cuir in eagar ar Wikidata

Ionfhabhtú sa bhroinn, na feadáin útaracha, na hubhagáin is na fíocháin mórthimpeall. De ghnáth, baictéir a scaipeann ón gconair ghiniúnach íochtarach (an fhaighin is an ceirbheacs) is cúis leis.

Is féidir go dtarlóidh an t-ionfhabhtú le linn toirbhearta nó ionlocadh fearais fhrithghiniúnaigh ionútaraigh, ach tarlaíonn de ghnáth de bharr orgánach gnéastarchurtha, clamaidia is gónaireatha.

Mar thoradh ar an ionfhabhtú, is féidir go mbeidh pianta sa bholg íochtarach ag bean, sileadh ón bhfaighin, míostrú neamhrialta is/nó trom, fiabhras, agus tuirse, ach uaireanta, bíonn sí gan aon siomptóm.

Is féidir an t-ionfhabhtú a leigheas le frithbheathaigh, ach muna ndéantar an chóireáil seo féadfaidh sé damáiste trom buan a dhéanamh d'orgáin na conaire giniúnaí uachtaraí, rud a laghdóidh torthúlacht na mná agus a mhéadóidh an priacal go dtarlóidh toircheas eachtópach má tharlaíonn toircheas.

Is féidir bac a chur ar an mbunionfhabhtú trí chomhriachtain chontúirteach a sheachaint.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Galar athlastach peilbheach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 301.