Galar Tay-Sachs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Neamhord tearc a fhaightear le hoidhreacht ina dtarlaíonn carnadh mínormálta lipide san inchinn de bhrí nach bhfuil an einsím a chabhraíonn lena dianscaoileadh i láthair. Nochtar gnéithe cliniciúla sa naíonacht de ghnáth: aille, pairilis, moilliú meabhrach, faoi dheireadh bás. Níos coitianta i measc sliocht Iúdach Aisceanásaíoch ó lár is oirthear na hEorpa. Ainmnítear an galar as an oftailmeolaí Briotanach Warren Tay (1843-1927) a chuir síos den chéad uair ar na spotaí sainiúla caordhearga ar reitiní páistí galraithe, agus an néareolaí Meiriceánach Bernard Sachs (1858-1944).