Gaius Valerius Catullus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Busta nua-aimseartha de Catullus ag Sirmione, áit a raibh villa ag teaghlach an fhile.

File Laidine le linn tréimhse na Poblachta ba ea Gaius Catullus Valerius (ca. 84 RC - ca. 54 RC). Léitear a chuid saothar marthanach go forleathan, agus bíonn tionchar acu go fóill ar fhilíocht na linne seo agus ar chineálacha eile ealaíne.

Beathaisnéis[athraigh | edit source]

Tháinig Catullus ó theaghlach mór le rá eachaíochta de chuid Verona sa Ghaill Chisalpach, agus, de réir Naomh Iaróm, rugadh é i Verona féin. Tá sé le tuiscint ó bheathaisnéis Iúil Caesar le Suetonius gur dhuine den uaisaicme é athair Catullus, agus go dtagadh Caesar ar chuairt chuige, nuair a bhí sé ina leaschonsal ar an Ghaill Chis-Alpach agus an Ghaill Trans-Alpach araon. I ceann dá chuid dánta, cuireann Catullus síos ar a fhilleadh sonasach ar ais chuig villa a theaghlaigh ag Sirmio ar Loch Garda in aice le Verona. Bhí seilbh ag an bhfile freisin ar villa in aice leis an ionad saoire faiseanta Tibur (sé sin 'Tivoli' an lae inniu). Ní mór a ghearáin mar gheall ar a bhochtaineacht a ghlacadh le gráinnín salainn.

Is cosúil gur chaith an file an chuid is mó dá luath-aosachta sa Róimh. I measc a chairde ansin, bhí na filí Licinius Calvus, Helvius Cinna, Quintus Hortensius (mac an óráidí agus céile comhraic Chicero) agus an beathaisnéisí Cornelius Nepos, ar a thiomnaigh Catullus a libellus, ar a bhfuil a chlú bunaithe. Dealraíonn sé go raibh aithne aige ar an bhfile Marcus Furius Bibaculus. Tá roinnt de lucht a chomhaimsire luaite aige in a chuid filíochta, lena n-áirítear Cicero, Caesar agus Poimpéas. Dar le scéilín coinnithe ag Suetonius, níor shéan Caesar gur tharraing aortha Catullus droch-cháil air ina chuid filíochta, ach nuair a ghabh Catullus a leithscéal faoi, creidtear go bhfuair sé cuireadh chun dinnéir uaidh.


Bhí Catullus sa Róimh, is dócha, nuair a thit sé go domhain i ngrá le "Clodia", an té a thug Catullus "Lesbia" uirthi ina dhánta grá agus gránach. Bean sofaisticiúla ó theach uasaicmeach an phaitrígh Claudii Pulchri agus deirfiúr an pholaiteora mínáirigh Publius Clodius Pulcher. Ina dhánta cuireann Catullus síos ar roinnt céimeanna éagsúla i bhforás an a ghaol le "Lesbia":an eofóiria tosaigh, amhras, scaradh, agus borradh an chrá trí thionchar caillteanais. Ní mór go leor ceisteanna a fhágáil fós gan fhreagraí - an cheist is tábhachtaí ar fad ná nach bhfuil sé soiléir cén fáth ar scoilt an lánúin - ach léiríonn dánta Catullus doimhneacht dhearfach agus léargas síceolaíoch faoin gcaidreamh . Ceann dá leithéid, le léargas ar chúiseanna a scaradh ó "Lesbia ", is ea dán 11, atá dírithe ar a chompánaigh Furius agus Aurelius ina n-iarrtar orthu masla slán a tabhairt ar aghaidh chuig Lesbia.

Chaith sé samhradh na bliana 57 RC go 56 RC san arm i mBitín ar fhoireann an cheannasaí Gaius Memmius, agus é san Oirthear, thaistil sé go dtí an Traí chun deasghnátha a dhéanamh ar thuama a dheartháir. imeacht atá ar thaifead aige i ndán corraitheach.

Ní mhaireann aon bheathaisnéis ársa den fhile: caitear a shaol a mheas ó na tagairtí scaipthe faoi ag údair ársa eile agus as a chuid dánta. Dá bhrí sin, tá sé neamhchinnte cathain a rugadh Catullus, agus cathain a bhfuair sé bás. De réir Naomh Iaróm ina leagan de Chronicon, cailleadh é ina tríochadú bliain ar an saol, agus gur rugadh é sa bhliain 87 RC. Ach tá tagairtí ina chuid dánta ar imeachtaí a tharla sna blianta 55 agus 54 RC ach glacann go leor scoláirí leis na dátaí 84 RC - 54 RC, ag ceapadh gur chomhtharlaigh a chuid dánta is déanaí agus foilsiú a 'libellus' le bhliain a bháis, tairiscint gurb éadóig.

An Bhitín

Bhí meas forleathan ar a dhánta ag filí eile, ach bhí gráin ar Cicero orthu mar gheall gur cheap sé go raibh siad dímhorálta. Níor mheasadh riamh Catullus i measc na n-údar sna scoileanna canónta. Mar sin féin, chuaigh sé i bhfeidhm ar bhfilí amhail Óivid, Horáit, agus Virgil. Tar éis a athfhionnachtain sna Meánaoiseanna déanacha, fuair Catullus lucht molta arís. Bhain a stíl scríbhneoireachta, a cheaptar a bheith soiléir agus gáirsiúil, croitheadh as go leor léitheoirí, idir ársa agus nua-aimseartha.