Clár Gaeilge atá á chraoladh ar TG4 ó 23 Aibreán, 2015 ar aghaidh é Gairdíní na Lus. Sraith a thugann domhan álainn draíochtúil Gharraithe Náisiúnta na Lus ina bheatha. Déanadh scannánaíocht ar an tsraith seo thar thréimhse bliana; rud a thugann deis dúinn aithne a chur ar na Garraithe le linn na gceithre shéasúr.
Sraith a thugann domhan álainn draíochtúil Gharraithe Náisiúnta na Lus ina bheatha! Déanadh scannánaíocht ar an tsraith seo thar thréimhse bliana; rud a thugan deis dúinn aithne a chur ar na Garraithe le linn na gceithre séasúr.
2
7 Bealtaine, 2015
—
Ullmhóidh na garraíodóirí an Index Seminum. Fillfidh an luibheolaí Emer Ní Dhúill ar an saotharlann lena samplaí de Raithneach Chill Airne agus leanfaidh sí lena cuid taighde.
3
10 Bealtaine, 2015
—
Tagaimid ar Ghairdín rúnda i gCo. Chill Mhantáin; Garraithe Náisiúnta na Lus i gCill Mhic Currach. Taispeánfaidh an garraíodóir Joan Rogers garraí glasraí orgánach Ghlas Naíon dúinn.
4
17 Bealtaine, 2015
—
Tá Éire faoi ionradh! Cé nach bhfuil aon dochar sa gcuid is mó de na hionróirí seo tá dochar mór ag baint le cuid acu. Tá an luibheolaí Noeleen Smyth i gceannas ar ghrúpa atá ag dul go Cliara chun an t-oileán a chosaint ón ngunnaire.
5
21 Bealtaine, 2015
—
Labhróidh Matthew Jebb faoin tionchar atá ag athrú aeráide ar phlandaí agus bláthanna mar a léirigh staidéar feineolaíochta 10 mbliana ar an dúlra agus faoi na cuntais aimsire atá coinnithe ag na Garraithe le breis is 100 bliain.
6
28 Bealtaine, 2015
—
Tá gach duine ag fáil faoi réir do thaispeántas dealbhóireachta na ngarraithe 'Sculpture in Context'. Cuirfidh Brendan Sayers síolta na magairlíní.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.