Gaeltacht Bhéal Feirste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gaeltacht Sheoige)

Sa lá atá inniu ann, tá sé le cluinstint i mBéal Feirste go bhfuil borradh ag teacht ar an Ghaeilge ins an áit, go háithrid in iarthar na cathrach. Bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste ar Bhóthar na bhFál sna 1970idí, agus ba í an chéad Ghaelscoil ariamh i dTuaisceart Éireann. Ba iad muintir an cheantair ina bhfuil an scoil suite a chinn gur fríd mheán na Gaeilge a gheobhadh a gclann a gcuid bunoideachais.

I dtús báire, cha raibh ach naonúr ag freastal ar Scoil Phobal Feirste. Dhiúltaigh rialtas na Ríochta Aontaithe aitheantas a thabhairt don scoil. Mar gheall air sin, fágadh an scoil gan an tacaíocht ba chuí ar dtús, mar aon leis an chuid is mó de na scoileanna a bhí ag teagasc i dteangacha mionlacha ar fud na Ríochta Aontachta agus Phoblacht na hÉireann. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, bunaíodh Meánscoil Feirste. Bhí sí ar an chéad mheánscoil Lán-Ghaeilig i dTuaisceart Éireann.

Tháinig méadú ar an Ghaeilge i rith na mblianta seo agus inniu, síltear go bhfuil thart fá 30,000 duine ina gcónaí sa cheantar a bhfuil Gaeilig ínteach acu. Bheir roinnt daoine Gaeltacht SheoigeGaeltacht Bhéal Feirste ar an áit, in ainneoin nach Gaeltacht oifigiúil í ar chor ar bith (is é sin, chan fhuair an ceantar aitheantas oifigiúil ó rialtas ar bith). Meastar go labhraíonn 15,000 duine Gaeilge ansin minic go leor, nó duine as gach beirt dá bhfuil cónaí orthu sa cheantar áitiúil.

Ach anois, tá plean ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste Ceathrú Gaeltachta a bhunú in iarthar na cathrach. Chan fhuil Rialtas na Ríochta Aontaithe sásta stádas Gaeltachta a phronnadh ar an áit, ó nach bhfuil sé de nós acu sin a dhéanamh in áit ar bith sa tír. Ar ndóighe, ós rud é nach cuid de Phoblacht na hÉireann é Béal Feirste, níl sé de cheart ag rialtas na Poblachta reachtaíocht ar bith a chur i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil sin. Cha labhraíonn ach cuid réasúnta bheag den daonra iomlán an teanga. Tá iarrachtaí ar siúl ag eagraíochtaí Gaeilge, áfach, stádas oifigiúil éigin a bhaint amach don cheantar in iarthar Bhéal Feirste, ó thaobh cúrsaí teangtha de.

Tá go leor áiseanna Gaeilge le fáil sa chathair, cosúil leis an nuachtán laethúil , An tUltach, Oifigí Fhoras na Gaeilge, Forbairt Feirste, Bunscoil Phobal Feirste, An Ceathrú Póilí, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Iontaobhas ULTACH, gan trácht ar na scoileanna lán-Ghaeilge iad fhéin.

Naisc sa Vicipéid[cuir in eagar | athraigh foinse]