Gaelscoil na mBeann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGaelscoil na mBeann
Sonraí
CineálGaelscoil Cuir in eagar ar Wikidata

Is Gaelscoil í Gaelscoil na mBeann i gCill Chaoil, Contae an Dúin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Gaelscoil na mBeann sa bhliain 2010 ag grúpa daoine agus tuismitheoirí áitiúla a bhí ag iarraidh Gaelic-Oideachas trí mheán na Gaeilge dá gcuid leanaí. Bhí fís shoiléir ag na bunaitheoirí maidir leis an chineál oideachais a bhí uathu agus tá pobal uile na scoile ag obair gan stad gan staonadh chun na físe sin a bhaint amach. Fuair an scoil aitheantas agus maoiniú ón Roinn Oideachais sa bhliain 2012. Tá an scoil suite i gcroílár Chill Chaoil, in aice leis a Naíscoil friothálach Naíscoil na mBeann.

Éiteas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é éiteas na Gaelscoile ná fáilte a chur roimh pháistí agus theaghlaigh ó gach cúlra, chuig scoil ina gcuirtear ní amháin caoinfhulaingt i bhfeidhm roimh éagsúlacht, ach go léirítear gean d'éagsúlacht gach traidisiúin.

Aidhmeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé mar aidhm ag an scoil;

  • a chinntiú gur áit shona agus shásúil í Gaelscoil na mBeann in a mbíonn rath ar gach dalta;
  • caidreamh dearfach a chruthú idir daltaí, foireann, tuismitheoirí agus gach ball de phobal na scoile;
  • meas ar dhínit agus cearta daoine eile a chur ina luí ar na daltaí beag beann ar inscne, cine, nó creidimh reiligiúnacha;
  • ardchaighdeán oideachais tré mheán na Gaeilge a chur ar gach páiste agus a chinntiú go mbainfidh siad a n-acmhainn ar fad amach;
  • acmhainn aonair agus comhchoiteann ár ndáltaí a fhorbairt, go mothúchánach, go morálta agus go sóisialta;
  • deiseanna a sholáthar do ghníomhaíochtaí seach-churaclaim, mar shampla spórt, drámaíocht, comórtaisí ceoil agus turais.

Curaclam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag leanúint ar aghaidh ó dhúshraith láidir na réamhscoile, tá na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas á n-iompar ar aghaidh go dtí leibhéal na bunscoile, áit a spreagtar na páistí chun cur leis an stór focal agus scileanna a tá acu cheana féin agus iad a fhorbairt laistigh de churaclam. Bíonn an Béarla ina chuid lárnach den churaclam agus tugtar isteach é sa Tríú Bhliain. Cinntíonn sé seo go mbaineann na leanaí amach gnóthachtáil sa Bhéarla a bhíonn chomhionann agus inchomparáide leis na leanaí ó scoileanna lán Bhéarla. Déantar staidéar ar gach ábhar sa churaclam (seachas ab Béarla féin) trí mheán na Gaeilge agus spreagtar na páistí, ar bhonn aonair, chun dul chun cinn in a gcuid cleachtaidh foghlama.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]