Gael-Taca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGael-Taca
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1987
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáingaeltaca.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Dúnadh Ionad Ghael-Taca a bhí lonnaithe ar Ché Uí Shúilleabháin i gCathair Chorcaí

Is eagraíocht margaíochta Gaeilge é Gael-Taca atá lonnaithe i gCathair Corcaigh. Bunaíodh Gael-Taca in 1987 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gcathair Chorcaí. Tháinig ceisteanna suntasacha chun cinn maidir le rialachas san eagraíocht sna 2020idí agus cuireadh deireadh le maoiniú na heagraíochta.[1]

Gníomhachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an príomhfhócas ag Gael-Taca ar Chathair agus Contae Chorcaí. Tá seirbhís saor in aisce le haghaidh ainmneacha Gaeilge d'fhorbairtí cónaithe nua ag Gael-Taca. Tá seirbhís chomhairliúchán acu le bheith dul i dteagmháil le daoine san earnáil ghnó i gCorcaigh chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.[2]

Bronnadh Gradam Uí Chuanacháin (a ainmníodh in ómós d'Phádráig Ó Cuanacháin) uair amháin gach bliain don ghnó is fearr, dar le Gael-Taca, maidir le cur chun cinn na Gaeilge i gCathair Chorcaí sa bhliain roimhe.

Fadhbanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig fadhb maidir le cúrsaí rialachais san eagraíocht chun cinn le linn na paindéime Covid-19 agus gur cuireadh deireadh le conradh fostaí. Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan in 2024 nach raibh “an acmhainn eagraíochtúil chun maoiniú stáit a láimhseáil faoi réir dhea-chleachais agus nach raibh fís na heagraíochta don todhchaí soiléir”.[1]

D'íoc Roinn na Gaeilge €68,525 sa tréimhse 2022-2023 chun fiacha a ghlanadh agus chun billí a íoc do Ghael-Taca. Dúnadh ceannáras Ghael-Taca ar Ché Uí Shúilleabháin i gCorcaigh mar nach bhféadfadh an eagraíocht an cíos a íoc.

Bhí an Roinn ag iarraidh go mbeadh Gael-Taca ag plé le cur chun cinn na Gaeilge i measc lucht gnó i gcathair Chorcaí, mar a dheineann Gaillimh le Gaeilge i gcathair na Gaillimhe, ach gur dhiúltaigh Gael-Taca dó sin.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Gael-Taca i 1987 chun na teanga a chur chun cinn go háirithe san earnáil ghnó.[3] Bhunaigh Pádraig Ó Cuanacháin é agus bhí sé mar an Stiúrthóir Margaíochta den eagraíocht go dtí go bhfuair sé bás i mí Márta 2008.[4] Bhí Pádraig mar an Timire do Ghaelscoileanna Teo. i gCúige Mumhan ar feadh roinnt blianta sna hochtóidí agus bunaíodh neart gaelscoileanna nua i gCorcaigh agus i gCúige Mumhan le linn na dtréimhse sin.[5]

Ag tús na 2000'idí thosaigh Pádraig ag dul i dteagmháil le forbróirí timpeall na tíre ag rá go bhfuil seirbhís saor in aisce acu chun teacht ar ainmneacha Gaeilge d'fhorbairtí cónaithe nua. Bhí scata maith ainmneacha Gaeilge tugtha do cheantair chónaithe nua agus i roinnt contaetha bhí líon mór nó réasúnta mhór dóibh ainmnithe i nGaeilge amháin le linn na 2000idí de bharr obair Phádraig Uí Chuanacháin agus Gael-Taca. In 2023 bhí os cionn ná 800 ceantair cónaithe ainmnithe i nGaeilge amháin ar oileán na hÉireann.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]