Gabriel Byrne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGabriel Byrne

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Bealtaine 1950
73 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ambasadóir Dea-mhéine CÉINAL
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ardscoil Éanna Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBrooklyn
Baile Átha Cliath
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir scannán, údar, scríbhneoir, aisteoir, aisteoir scannáin, scríbhneoir scripte, aisteoir stáitse, léiritheoir scannáin, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1978 –
TeangachaBéarla
Conair
  Foireann Comórtas
- Stella Maris F.C. (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileÁine O'Connor (en) Aistrigh (1974–1986)
Ellen Barkin (1988–1999)
Hannah Beth King (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0000321 Allocine: 4489 Rottentomatoes: celebrity/gabriel_byrne Allmovie: p10031 TCM: 26521 Metacritic: person/gabriel-byrne TV.com: people/gabriel-byrne IBDB: 76478 AFI: 256769
Musicbrainz: d41c98fa-d3b8-4b89-9761-ca7211418856 Cuir in eagar ar Wikidata

Aisteoir Éireannach a bhfuil cáil bainte amach aige go hidirnáisiúnta é Gabriel James Byrne (12 Bealtaine 1950 a rugadh é). Tá sé ina chónaí i Nua-Eabhrac i láthair na huaire. Is cainteoir líofa Gaeilge é agus bíonn iarrachtaí ar siúl aige go minic chun an teanga a chur chun cinn go poiblí agus sna meáin chumarsáide.[1]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Gabriel Byrne i nDroimneach i mBaile Átha Cliath, do Dan Byrne, a bhí ina chúipéir agus d'Eileen Byrne, a bhí ina banaltra. Fuair sé a oideachas in Ardscoil Éanna, Cromghlinn agus chaith sé tamall i gcliarscoil nuair a bhí sé an-óg, ach d'éirigh sé aisti tar éis tamaill agus a chreideamh iomlán caillte aige. D'fhill sé ar Éirinn agus chaith sé tréimhsí i bpostanna éagsúla, go dtí gur chinn sé ar fhreastal ar an ollscoil. Bhain sé céim amach sa teangeolaíocht agus sa tseandálaíocht i UCD, áit ar éirigh leis líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge chomh maith.[2]

A shaol gairmiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oibrigh Byrne sa seandálaíocht nuair a d'fhág sé UCD ach choinnigh sé a ghrá don teanga. Scríobh sé an chéad dráma teilifíse, Draíocht, do TG4, stáisiún teilifíse na Gaeilge nuair a thosaigh sé ag craoladh in 1996.

Sular thosaigh sé a ghairm mar aisteoir bhí neart postanna éagsúla ina measc: seandálaí, cócaire, trodaí tairbh agus muinteoir Spáinise. Thosaigh sé ag aisteoireacht agus é 29 agus chuir sé tús lena ghairm ar stáitse le Focus Theatre agus le Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin chuaigh sé ag aisteoireacht leis an Royal ag Byrnesan agus an Royal National Theatre i Londain.

Bhain Byrne cáil amach sa tsraith deireanach don chlár teilifíse The Riordans in Éirinn as a d'eascair an clár Bracken. Bhí Byrne sa phríomhpháirt. An chéad ról scannánaíochta a bhí aige ná mar King Uther Pendragon sa scannán King Arthur a léirigh John Boorman i 1981.

I láthair na huaire tá Byrne i ról Dr. Paul Weston, teirpeoir i sraith seachtainiúil mór le rá HBO In Treatment. Thug an New York Times "latest Dr. McDreamy" na teilifíse air dá ról agus bhuaigh sé an gradam Golden Globe don aisteoir ab fhearr i sraith theilifíse i 2008. Ghnóthaigh sé a chéad ainmniúchán Emmy (an príomhaisteoir ab fhearr i sraith theilifíse) chomh maith an bhliain chéanna.(B'é Byran Cranston as Breaking Bad a bhuaigh)

D'fhill sé ar an amharclannaíocht i 2008, ghlac sé ról King Arthur i Camelot le ceolfhoireann Nua-Eabhrac ón 7 Bealtaine go dtí an 10 Bealtaine, ról a ghlac mórlaochra na haisteoireachta, Richard Burton agus Richard Harris leis cheana.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-09-29. Dáta rochtana: 2008-11-12.
  2. "Sunday Tribune". tribune.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-24. Dáta rochtana: 2023-03-13.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]