Hipitéis Gaia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó GAIA)
Gaia (ealaíon le Rhetos, 2021)
James Lovelock in 2005

Is é James Lovelock a chum an téis sna 1970idí gur orgánach comhdhéanta atá sa domhan ina maireann muid.[1] "Gaia" a bhaist sé ar an hipitéis seo, ina samhlaítear an Domhan iomlán ina orgánach a mhionathraíonn a chomhshaol féin chun coimeád ina staid bharrmhaith. Is é Gaia an fororgánach seo de réir an choincheap.

Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an t-eolaí Sasanach James Lovelock síos ar GAIA den chéad uair ina leabhar GAIA: A New Look at Life on Earth (GAIA: Léargas Nua ar an mBeatha ar Domhan, 1979). Bhunaigh Lovelock an coincheap ar gheolaíocht, geoicheimic, bitheolaíocht éabhlóideach, is aeráideolaíocht, agus phléigh sé na bealaí rialaithe siarchothaithe ina n-idiroibríonn na páirteanna éagsúla den Domhan óna chroíleacán amach go barr an atmaisféir.

Ghlac James Lovelock (ar chlé), an t-eolaí Briotanach a gcuirtear síos go minic air mar ‘fáidh an athraithe aeráide’, páirt i gcomhrá poiblí leis an Ollamh Frank Convery, Stiúrthóir an Earth Institute UCD, os coinne lucht éisteachta de níos mó ná 600 duine ag Halla O’Reilly UCD i mí Aibreáin 2009[2]

Tagann éiceolaíocht go mór san áireamh freisin. Mar sin féin, ní ghlactar leis an gcoincheap i measc eolaithe, ach i méid bheag, de bhrí go réamhinsíonn an hipitéis seo go sroichfidh an Domhan staid bharrmhaith, is cuma pé drochiarmhairt a imrítear air, rud nach bhfuil inghlactha ó thaobh eolaíochta ná staire de.

Spásárthach 'Gaia'[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sheol eolaithe an ceamara digiteach is mó riamh isteach sa chianspás sa bhliain 2013 ar an spásárthach 'Gaia'.[3][4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tadhg Mac Dhonnagáin (2009-04-23). "Garraí Johnny Mhorgan: Dea-scéala don Ghaeilge, fíordhrochscéala don chine daonna?". Garraí Johnny Mhorgan. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  2. ucd.ie (2009). "TUARASCÁIL AN UACHTARÁIN,MEÁN FÓMHAIR 2008 – LÚNASA 2009". Dáta rochtana: 2022.
  3. Hussey, Matt (2011). "GAIA". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 299.
  4. COGG (Imleabhar 12, Eagrán 4 7 Deireadh Fómhair 2015). "Eureka". Dáta rochtana: 2022.