G-fhachtóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhfisic adamhach is núicléach agus fisic na gcáithníní, fachtóir a chuireann síos ar an ngaol idir móimint mhaighnéadach cáithnín ar dhéanamh pointe lena ghuairne. Tugtar g-fhachtóir Landé air freisin, as an bhfisicí Meiriceánach Alfred Landé (1888-1976). I gcás na leictreon, is ionann an g-fhachtóir is an cóimheas gíreamaighnéadach in aonaid an mhaighnéadóin Bohr, a ghiorraítear chuig ∫B. Ón teoiric chandamach choibhneasaíoch, i gcás an leictreoin cosúil le pointe, ba cheart gur g = 2, ach tugann na turgnaimh luach timpeall 0.1% níos mó. Déantar na ceartúcháin a ríomh le leictridinimic chandamach (ina samhlaítear an leictreon mar cháithnín lom, timpeallaithe le scamall fótón fíorúil a athraíonn an g-fhachtóir). Réitíonn an luach ceartaithe le torthaí na dturgnamh go dtí níos fearr ná 8 n-ionad deachúil. Is tástáil thábhachtach é seo ar leictridinimic chandamach, a mheastar mar an teoiric is cruinne sa bhfisic mar gheall ar cheartú an g-fhachtóir.