Günter Wallraff

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Günter Wallraff, 2013.

Scríbhneoir agus iriseoir Gearmánach is ea é Hans-Günter Wallraff, nó Günter Wallraff (rugadh an 1 Deireadh Fómhair 1942), mar is gnách dó a chuid scríbhinní a shíniú. Thuill sé clú agus cáil dó féin ó na seascaidí anuas mar iriseoir fiosraitheach, agus é ag obair ar chúla téarmaí agus faoi ainm bréige do chomhlachtaí a rabhthas i ndrochamhras fúthu nach raibh siad ag urramú an dlí nó na dea-bhéasaíochta. Ina measc siúd, bhí an comhlacht miotalóireachta Thyssen AG, an comhlacht mearbhia McDonald's, an comhlacht árachais Thyssen, agus an nuachtán Bild-Zeitung.